Roscommon Arts Centre
Box Office 090 66 25 824

Fáilte go Ionad Ealaíon Ros Comáin

Is ionad ildisciplíneach, saintóghtha é ionad ealaíon Ros Comáin i gcroí-lár bhaile an chontae.

Is spás ealaíon bríomhar, toiscdhéanta é an t-ionad atá dírithe ar chlár imeachtaí ildánach, dinímeach agus uaillmhianach a chur i láthair, clár a chruthaíonn agus a fhorbraíonn lucht féachana do na healaíon agus a chuireann le forbairt ealaíon áitiúil i gcontae Ros Comáin

Tugann muid deiseanna don phobal áitiúil dul i ngleic ar bhonn ghníomhach le réimse leathan ealaíon trí imeachtaí a bhfuil rannpháirtíocht an lucht féachana i gceist leo agus gníomhaíochtaí taibhiú-bhunaithe. Cuireann an t-ionad saothar amharclainne, ceoil, grinn agus litríochta de chuid ealaíontóirí proifisiúnta agus pobail i láthair, chomh maith le clár scannánaíochta Éireannaí agus domhanda sa halla éisteachta.

Sa gailearaí bíonn taispeántais dealaín físe de chuid ealaíontóirí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta, iad go léir roghnaithe ag Patrick Murphy ó Ghailearaí an RHA trí chlár oscailte iarratais.    

Tá ár Láthair Tionscnaimh lonnaithe ar an gcéad úrlár agus is anseo a bhíonn ranganna agus ceardlanna ar siúl. Ceannceathrú Amharclann Óige Chontae Ros Comáin atá anseo freisin agus tá muid ag súil len é a sheoladh go luath mar ionad léirithe tánaisteach. 

Aithníonn agus tacaíonn Ionad Ealaíon Ros Comáin le ról lárnach an ealaíontóra sa phróiseas ealaíne agus tá fúinn an tacaíocht a thugann muid d’ealaíontóirí ag gach céim dá ngairmeacha a fhorbairt trí dheiseanna breise a sholáthar dóibh ag an ionad.

Faigheann Ionad Ealaíon Ros Comáin tacaíocht ó Chomhairle Contae Ros Comáin agus ón gComhairle Ealaíon.

Eolas Díoloifige
Uaireanta Oscailte:

Dé Máirt- Dé hAoine 10.00i.n.- 5.30i.n.
Osclaíonn an Oifig arís ar oícheanta a bhfuil seó ar súil óna 7.15i.n.-8.30 i.n.
Dé Sathairn: 1.00i.n.-5.30i.n.; ag brath ar an gclár

Áirithintí:

Is féidir bualadh isteach le linn uaireanta oscailte nó áirithintí fóin a dhéanamh le linn uaireanta oscailte ar (090) 6625 824.

Eolas áirithinte:

Coinneofar áirithintí ar feitheamh íocaíochtaí ar feadh 48 uair an chloig roimh seó nó go dtí 5.30i.n. ar oíche seó, pé acu is giorra, ina dhiaidh seo cuirfidh an ríomhchóras díoloifige na hairithintí ar ceal.

Chun cloí le rialacháin tine caithfidh gach duine, fiú más naionán é/í, ticéad bailí a bheith aige/aici.
 
Seiceáil d’áirithint nuair a dhéanann tú é, mar go bhféadfaí botún a dhéanamh nárbh fhéidir a chur ina cheart ní ba dheireanaí.

Coinneofar ticéid a ndíoltar astu roimh ré ag an díoloifig go dtí oíche an tseó ach ba cheart iad a bhailiú ar a laghad cúig nóiméad déag roimh an tús ama a fhógraítear. Chun goid nó caillteanas ticéad a sheachaint ní sheoltar ticéid sa phost roimh ré.

Ní thairiscíonn Ionad Ealaíon Ros Comáin aisíoc ná malartú ar thicéid, ach amháin nuair a chuirtear imeachtaí ar ceal nó ar athló. Téigh i dteagmháil linn le do thoil má tá ticéid ceannaithe agat agus muna bhfuil tú in ann freastal ar imeacht agus déanfaimid ár ndícheall cabhrú leat.

Íocaíocht

Is féidir íocaíochtaí a dhéanamh le hairgead glan, cárta creidmheasa/laser nó seic. Ní mór seiceanna a dhéanamh amach do Chomhairle Contae Ros Comáin.

Praghasanna Ticéad:

Nuair a fhógraítear praghas ailtéarnach do sheó baineann sé seo le páistí agus daoine óga, mic léinn, seanóirí, daoine dífhostaithe, daoine ar mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht srianta. Cuir in iúl d’fhoireann na díoloifige nuair atá tú ag ceannach ticéid má tá tú i dteidil ticéid ar phraghas laghdaithe. D’fhéadfaí cártaí aitheantais bailí a iarraidh.

Bí ag faire amach do thairiscintí speisialta thicéad do roinnt seónna agus scannán.

Déanach:

Ba cheart a bheith ag an ionad ar a laghad cúig nóiméad déag sula dtosaíonn seónna. Ní ligfear cead isteach go dtí an halla éisteachta go dtí go bhfuil sos feiliúnach ann de réir na foirne fáilteachais, sos nach mbeidh ann i roinnt cásanna go dtí an bhriseadh.

Beár na hAmharclainne:

Lonnaithe san forhalla, tá seirbhís iomlán beáir ar fáil anois do phátrúin ar oícheanta seónna leathuair an chloig sula dtosaíonn seónna. Ar mhaithe le do chompord is féidir sóláistí a ordú agus íoc astu roimh ré ag an mbéar le go mbeidh siad réidh ag an sos/i ndiaidh an tseó, ar an mbealach seo is féidir leat scuaine a sheachaint.

Tabhair faoi deara le do thoil gur foirgneamh saor-ó-thobac é Ionad Ealaíon Ros Comáin, tá luachradáin ar fáil taobh amuigh de.

Dearbháin Bhronntanais:

Tá dearbháin bhronntanais, atá feiliúnach do gach ócáid, d’Ionad Ealaíon Ros Comáin ar díol ag an díoloifig. Is féidir iad a úsáid ar feadh bliana i ndiaidh a ndáta ceannaithe.